Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 2:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Agus anois bhí mórsheisear iníonacha ag sagart Mhidián agus thángadar agus tharraingíodar uisce agus líonadar na humair chun uisce a thabhairt do thréad a n‑athar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 A nois do bhi ag sagart Mhídian móirshesior inghean: agus tangadur agus do thairngeadur uisge, agus do líonadar na humair do thabhairt uisge do thréad a nathar.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 2:16
11 Tagairtí Cros  

Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é.


Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair.


Seo i mo sheasamh anseo mé láimh leis an tobar fíoruisce agus iníonacha mhuintir na cathrach ag teacht amach ag triall ar uisce.


D'fhéach sé agus ba shiúd tobar sna bánta agus trí thréad caorach ina luí lena ais, mar ba as an tobar sin a thugtaí uisce do na caoirigh. Cloch mhór a ba ea í siúd a bhí ar bhéal an tobair.


Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.


Chuala Iatró, sagart Mhidián, a raibh déanta ag Dia do Mhaois agus d'Iosrael a phobal agus conas mar a thug an Tiarna Iosrael amach as an Éigipt.


Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.


Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.


Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: “An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí