Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 2:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Nuair a chuala Forann ina thaobh, rinne sé iarracht ar Mhaois a mharú, ach theith Maois ó Fhorann agus d'fhan sé i dtír Mhidián. Shuigh sé láimh le tobar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Annois a nuáir do chúaluidh Phárao an nísi, do íarr sé Máoisi do mharbhadh. Ach do theith Máóisi as radharc Phárao, agus so chomhnuigh sé a gcrich Mhídian: agús do shuigh sé síos laimh re tobar.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 2:15
17 Tagairtí Cros  

Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair.


agus rug sí clann dó: Zimreán agus Iocseán agus Madán agus Midián agus Isbeác agus Siúach.


Agus is iad clann Mhidián: Éafá agus Éifir agus Hanoch agus Aibídeá agus Ealdá. Clann Chatúrá iadsan go léir.


D'fhéach sé agus ba shiúd tobar sna bánta agus trí thréad caorach ina luí lena ais, mar ba as an tobar sin a thugtaí uisce do na caoirigh. Cloch mhór a ba ea í siúd a bhí ar bhéal an tobair.


Chuir siad chun bealaigh ó Mhidián agus ar theacht go Párán thug siad roinnt fear ó Phárán leo, agus ar aghaidh go dtí an Éigipt, go Forann, rí na hÉigipte. Thug seisean teach dó, agus coinmhe, agus fearann dó féin.


agus bhí Eilíeizir (“Dia Mo Chabhair”) mar ainm ar an bhfear eile mar go ndúirt sé: “Dia m'athar mo chabhair mar d'fhuascail sé mé ó chlaíomh Fhorainn.”


Agus dúirt an Tiarna le Maois i Midián: “Imigh ort ar ais go dtí an Éigipt; an mhuintir go léir a bhí ar do thí chun do mharaithe tá siad tar éis bháis.”


Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.


Feicim bothanna Chúiseáin ar lár, agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.


Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.


Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é.


Ar chlos na cainte sin do Mhaois, theith sé agus bhí sé ina dheoraí i Midián, áit ar ghin sé beirt mhac.


Trí chreideamh d'fhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí