Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eabhraigh 1:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin d'ungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Thug tú grá don choir agus fuath don éagóir; agus dá bhrí sin dʼung Dia, dʼung do Dhia féin thú le hola ollghairdis os cionn do chompánach.”

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Do ghrádhuighis an fhíréantacht, agus d’fhuathuighis an aindlighe; Uime sin d’ung Dia, do Dhia‐sa, thú Le h‐ola an gháirdeachais os cionn do chompánach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Do grádhuigh tú an fhiréuntachd, agus do fhúathuigh tú a néugcóir; uime sin do ung Día, do Dhía féin thú, ré hóla an gháirdeachuis ós cionn do chompánach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin dʼungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,”

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 1:9
42 Tagairtí Cros  

Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin.


Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta; is gráin liom gach drochshlí.


Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile, toisc gur fuath liom gach bréagshlí.


Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:


“Chuir mise mo rí féin i réimeas ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”


Cóiríonn tú bord chun béile dom i láthair mo naimhde. Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupa ag cur thairis.


Carann sé an chóir agus an ceart agus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.


Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.


ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé! i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm


Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat. Tá naimhde an rí ar díth a meanman.


Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche; ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.


Labhair tú tráth i bhfís á rá le do chairde naofa “Thug mé cabhair do ghaiscíoch; d'ardaigh mé fear tofa den phobal.


Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara agus a dheaslámh os cionn na n‑aibhneacha.


Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.


Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;


agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.


Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart agus is gráin liom slad agus éagóir. Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis, agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.


Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef.


ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,” a deir an Tiarna.


sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;


“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;


Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias” - is é sín le rá an tUngthach.


Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim, chun go nglacfainn chugam arís í.


“Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m'Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’ ”


Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.


an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.


Chuaigh ríthe an domhain in ordú catha agus na flatha i gcomhcheangal le chéile in éadan an Tiarna agus a Ungthaigh.’


“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,


Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith.


Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.


Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.


Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá:


Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,


Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i gCríost, gach tabhartas spioradálta sna flaithis.


Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t‑ainm úd atá os cionn gach ainm,


Óir is d'aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu,


Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.


Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;


Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D'athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne


Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.


Tá daoine agat chomh maith atá ag cloí le teagasc na Niocoláiteach sa tslí chéanna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí