Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eabhraigh 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic ná: “Beidh do ríchathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,” agus: “Slat na córa is ea slat do réim-sé;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach maidir leis an Mac is é a deir sé leis, “Bíonn do ríchathaoir, a Dhia, go síoraí buan, bíonn ríshlat do ríochta ina ríshlat an fhírchirt.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht do’n Mac adeir sé, Atá do righ‐chathaoir‐se, ann a Dhia, go saoghal na saoghal, Agus slat an chothruim is eadh slat ríogha do ríoghachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd ris an Mac a deir sé, A Dhía, máiridh do chathaóir ríoghasa, go sáoghal na sáoghal: is slat chómhthruim slat do ríoghachdasa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic: “Beidh do rí-chathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,” agus: “Slat na córa is ea slat do réim-se;

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 1:8
33 Tagairtí Cros  

Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,


Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol, agus do cheannas go brách na breithe. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir.


Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach.


Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht. Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir; agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.


Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóir ag sliocht Iosrael go léir!”


Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


Dúirt Irimia le Zidicíá: “Má dhéanaim foilsiú duit nach gcuirfidh tú chun báis mé go cinnte? Agus má thugaim comhairle duit, ní éisteoidh tú liom.”


(Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”


Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.


“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.


bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.


Is aon mise agus an tAthair.”


D'fhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.”


D'fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”


is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.


Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.


Níor fhág sibh gan baint léi ach dúiche chlann Amón amháin, insí uile abhann Iaboc, is é sin, agus cathracha an ardáin, agus cibé áit a choisc an Tiarna ár nDia orainn.


Beidh beannacht ort thar an uile phobal; ní bheidh fireann ná baineann aimrid i measc do mhuintire ná i measc do stoic.


Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.


Ar an tslí sin déanfar bealach isteach i ríocht shíoraí ár dTiarna, agus ár Slánaitheora, a sholáthar go fial flaithiúil daoibh.


Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí