Apacailipsis (Taispeántadh) 8:7 - An Bíobla Naofa 19817 Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tháinig cith de chlocha sneachta agus de thine, measctha le fuil, a thit ar an talamh; agus loisceadh trian an talaimh agus trian na gcrann, agus loisceadh an glasra uile. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 Agus do shéid an chéad aingeal, agus tháinig cloich‐shneachta agus teine, measctha le fuil, ’n‐a dhiaidh, agus do caitheadh iad ar an talamh: agus do dóigheadh an treas cuid de’n talamh, agus do dóigheadh an treas cuid de na crannaibh, agus do dóigheadh an féar glas go h‐uile. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus do shéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloichshneachda agus teine ann ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeadh íad fón dtalamh: agus do dhóigheadh an treas cuid do na crannuibh, agus do dóigheadh an féur glas uile. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir. Féach an chaibidil |