Apacailipsis (Taispeántadh) 17:2 - An Bíobla Naofa 19812 Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)2 ise ba leannán leapa ag ríthe an domhain, a chuir a maireann ar an talamh ar meisce le deocha diana a drúise.” Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)2 Do chleacht righthe an domhain drúis léi, agus do cuireadh lucht áitreabha na talmhan ar meisce le fíon a drúise. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Ré a ndearnadar ríghthe na talmhan sdríopachas, agus agá bhfuilid áitreabhuidh na talmhan ar misge o fhion a sdriopachais. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20122 Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.” Féach an chaibidil |
“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.