Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Tháinig aingeal de sheacht n-aingeal na seacht scála chugam ansin agus ar seisean liom, “Tar uait, go dtais-peána mé duit breithiúnas na striapaí móire a shuitear ar na móruiscí,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe aca, agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit breitheamhnas na méirdrighe móire atá suidhte ar uiscibh iomdha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus táinic aingeal do na seachd nainglibh agá rabhadar na seachd soithighe, agus do labháir sé riom, ag rádh riom, Gabh a leith; taisbéana mé dhuit dámnughadh na méirrdrigh móire atá na suidhe ár uisgedhibh iomdha:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ansin tháinig ceann de na seacht n-aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom dá rá: “Gabh i leith! Taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuilte lána.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:1
20 Tagairtí Cros  

Conas a rinne striapach di, an chathair dhílis? Síón, a bhí lán de dhílseacht, mar a raibh an ceart ina chónaí, níl intí anois ach lucht dúnmharfa.


Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa, a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.


Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.


Tusa a shuíonn le hais mórán uiscí, agus a thaisceann stór agus maoin, tá do chríoch tagtha anois, agus deireadh do shladaireachta.


Chothaigh na huiscí é, thug an duibheagán air fás go hard, trína aibhneacha a chur ag sní thar láthair a fhréamhaithe, a shrutháin chun crainn uile na foraoise.


Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”


Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis - b'iad Maois agus Éilias iad -


Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d'Eoin a sheirbhíseach;


Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n‑aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche.


Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.


Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir.


Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”


Agus dúirt [an t‑aingeal] liom: “Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.” Ansin dúirt sé liom: “Focail fhíora Dé iadsan.”


Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas.


Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d'agaill sé mé á rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.”


Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí