Apacailipsis (Taispeántadh) 17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe aca, agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit breitheamhnas na méirdrighe móire atá suidhte ar uiscibh iomdha. 2 Do chleacht righthe an domhain drúis léi, agus do cuireadh lucht áitreabha na talmhan ar meisce le fíon a drúise. 3 Agus rug sé leis mé san Spiorad isteach i bhfásach, agus do chonnacas bean ’n‐a suidhe ar ainmhidhe do bhí ar dhath corcra, é lán d’ainmneachaibh dia‐mhaslaidh, agus seacht gcinn agus deich n‐adharca aige. 4 Agus do bhí an bhean clúduighthe fá éadaighibh caoir‐dhearga agus corcra, agus do bhí sí maisighthe le h‐ór agus le clochaibh luachmhara agus le péarlaibh, agus do bhí cupán óir ’n‐a láimh aici, agus é lán de dheistean agus de bhréantas a drúise, 5 agus do bhí ainm scríobhtha ar chlár a h‐éadain, Rúindiamhair, An Bhaibiolón Mhór, Máthair Méirdreach agus Déistin na Talmhan. 6 Agus do chonnacas an bhean ar meisce le fuil na naomh, agus le fuil mairtíreach Íosa. Agus ag amharc dom uirthi, tháinig árd‐iongnadh orm. 7 Agus adubhairt an t‐aingeal liom, Cad chuige an t‐iongnadh sin ort? Míneochad‐sa dhuit rúindiamhair na mná agus an ainmhidhe iomcharas í, go bhfuil na seacht gcinn agus na deich n‐adharca aige. 8 An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht. 9 Annso atá riachtanas le h‐aigne thuigseanaigh. Na seacht gcinn úd do chonnacais, ar a bhfuil an bhean ’n‐a suidhe, seacht gcnuic is eadh iad: 10 agus is seacht righthe iad, leis; atá cúig cinn díobh tuitthe ar lár, atá ceann amháin díobh beo, ní fhuil an ceann eile tagtha fós; agus nuair thiocfas sé, caithfidh sé fanamhain tamall beag. 11 Agus an t‐ainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil ann, is é an t‐ochtmhadh ceann é, agus baineann sé leis na seacht gceannaibh eile; agus atá sé ar an slighe chum léirscriosta. 12 Agus na deich n‐adharca do chonnacais, is deich righthe iad nach bhfuair ríoghacht fós; acht go‐gheibh siad cumhacht mar righthe, ar feadh uaire, i n‐éinfheacht leis an ainmhidhe. 13 Atá siad so ar aon chomhairle, agus do‐bheir siad a neart agus a gcumhacht do’n ainmhidhe. 14 Cuirfidh siad cogadh ar an Uan, agus buaidhfidh an tUan ortha, óir is é Tighearna na dtighearna agus Rí na righthe é: agus buaidhfidh siad‐san atá i n‐éinfheacht leis: do glaodhadh, agus do toghadh iad, agus tá siad dílis. 15 Agus adubhairt sé liom, Na h‐uiscí úd do chonnacais, mar a bhfuil an mhéirdeach ’n‐a suidhe, is poibleacha, agus sluaighte, agus cinidheacha, agus teangthacha iad. 16 Agus na deich n‐adharca do chonnacais, agus an t‐ainmhidhe, bhéarfaidh siad fuath do’n mhéirdrigh, agus fágfaidh siad tréigthe, lomnocht í, agus íosaidh siad a feoil, agus dóighfidh siad le teinidh í. 17 Óir do chuir Dia ’n‐a gcroidheachaibh a thoil do dhéanamh, agus a bheith ar aon chómhairle, agus a ríoghacht do thabhairt do’n ainmhidhe, nó go gcóimhlíontar briathra Dé. 18 Agus an bhean do chonnacais, ís í an chathair mhór í, go bhfuil réimeas aici ar righthibh an domhain. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society