Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Is iadsan an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasaíonn os comhair Tiarna an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Is iad seo an dá chrann olóige agus an dá chrann solais a sheasas os comhair Ardtiarna na cruinne.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Is iad seo an dá ola‐chrann agus an dá choinnleoir sheasuigheas os cómhair Tighearna an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ag so an dá chrann ola agus an dá choinnleóir, sheasas a bhfiadhnuise Thíghearna na talmhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Is iad-san an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasann os comhair Thiarna an domhain.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:4
14 Tagairtí Cros  

Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”


Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu; beidh siad ag gáire faoi, á rá:


Ach an lá sin, ní thabharfaidh mé an cor céanna ar thír Ghoisin, mar a bhfuil cónaí ar mo phobal; ní bheidh aon mhíoltóga ann, i dtreo go mbeidh fhios agat go bhfuilimse, an Tiarna, i lár na talún.


Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.


Crann ola breá géagach, daingean, a thug an Tiarna d'ainm ort. Faoi ghreadadh gaoithe móire cuireann sé tine lena dhuilliúr; tá a chraobhacha ar lasadh.


Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.


“Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.


Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”


Agus má scoitheadh féin cuid de na craobhacha den chrann olóige agus má nódaíodh thusa, an ológ fhiáin, ina n‑áit sa tslí go bhfuil tú páirteach anois i sú na holóige,


Ansin is ea a roghnaigh an Tiarna treibh Léiví chun áirc chonradh an Tiarna a iompar, chun seasamh i láthair an Tiarna, chun fónamh dó, agus chun a ainm a bheannú mar a dhéanann siad go dtí inniu féin.


Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí