Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 2:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dósan atá an chéad chuid den bharr ag dul.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Is é an feirmeoir is crua a oibríos ar dual dó an chéad chuid de na torthaí a fháil ar dtús.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 An criadhaire do‐ghní an sclábhaidheacht, ní mór dó an chéad‐toradh d’fhágháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 As eígean do treabhthach sáothar do dhéunamh suil do gheibh sé na tórtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dó-san atá an chéad chuid den bharr ag dul.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:6
14 Tagairtí Cros  

An té a shaothraíonn an crann fígí, íosfaidh sé a thoradh; an té a thugann aire dá mháistir, tabharfar onóir dó.


“Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt.


Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú.


Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.


Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann.


Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán.


Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh.


Cuireann Dia rath ar an talamh a shúnn isteach an fhearthainn a thiteann air ó am go chéile agus a thugann barr uaidh a rachaidh i dtairbhe do na daoine a saothraítear ar a son é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí