Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 1:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó. Ba thú mo lao is m'ansacht. Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 27 Conas a d'éag na gaiscígh? Conas a theip an trealamh catha?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Atáimsi doilghiosach thríod, a dhearbhrathair Ionatan: bá roshólasach dhamhsa thú: dob iongantach do ghrádh orum, ag sarughadh ghrádh na mban.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 1:26
7 Tagairtí Cros  

[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.


agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: “Tá m'athair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar d'fhaichill, mar sin, maidin amárach; gabh i bhfolach in áit uaigneach éigin.


[Thug] Iónátán an mionn sollúnta arís do Dháiví dar a ghrá dó mar gur ghráigh sé é mar a rinne a anam féin.


Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.


Chuir Iónátán mac Shóil chun bóthair agus tháinig go dtí Dáiví i Hoiris agus thug misneach dó in ainm Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí