Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 22:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Tugtar ansin é do shaoistí na n‑oibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna le go gcaithfidís é ar an lucht oibre atá i mbun Teampall an Tiarna a dheisiú,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus tugaidís a láimh luchd déanta na hoibre é, agá bhfuil féuchuin ós cionn tighe an TIGHEARNA: agus tugaidíssion é don luchd oibre noch atá a ttigh an TIGHEARNA, do leasughadh bristeadhadh an tighe,

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 22:5
8 Tagairtí Cros  

Dúirt Ióáis leis na sagairt: “An t‑airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t‑airgead as na cánacha pearsanta (an t‑airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t‑airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna -


ar na siúinéirí, is é sin, agus ar na tógálaithe, agus ar na saoir, agus chomh maith ar adhmad agus cloch ghearrtha a cheannach do dheisiú an Teampaill.


Maidir lena chlann mhac, leis an gcáin throm a gearradh, le hathchóiriú Theampall Dé, tá cuntas orthusan go léir scríofa sa Ghluais ar Leabhar na Ríthe. Tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air.


Rinne clann mhac Atailiá na coirpeachta dochar do Theampall an Tiarna agus bhronn siad ofrálacha coisricthe uile Theampall an Tiarna ar na Bálaím.”


Thug siad é do shaoistí na n‑oibreacha a bhain le Teampall an Tiarna agus d'úsáid saoistí oibreacha an Teampaill é leis an Teampall a chóiriú agus a dheisiú.


Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí