Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 22:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 “Téigh go Hilcíá, an t‑ardsagart,” ar sé leis, “agus abair leis an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus é siúd a chruinnigh gardaí na tairsí ón bpobal, [a leá].

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Eírigh súas go Hilciah an tárdshagart, go náirimh sé an tairgiod tugadh go tigh an TIGHEARNA, noch do chruinnigheadar luchd coimheáda an doruis ón phobal:

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 22:4
14 Tagairtí Cros  

Níor scriosadh na hardionaid, áfach; lean na daoine orthu ag íobairt agus ag ofráil túise ar na hardionaid.


Dúirt Ióáis leis na sagairt: “An t‑airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t‑airgead as na cánacha pearsanta (an t‑airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t‑airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna -


Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige.


Clann mhac Ealcáná: Samúéil a chéadghin, Aibíá a dhara mac.


Azairiá mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire theach Dé;


Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a d'fhairidís an tslí isteach ann.


Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.


Gardaí na ngeataí: Acúb agus Talmón, agus a ngaolta, a dhéanadh faire ag na geataí: céad agus beirt agus seachtó.


Féach, a Dhia, ár sciath; agus breathnaigh ar aghaidh d'ungthaigh féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí