Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Do bhrígh nar umhluigheadar do ghlór a TTIGHEARNA Dé, áchd gur sháruigheadar a chunnradh, agus a nuile ní dár aithin Máoise searbhfhoghantuigh an TIGHEARNA dhíobh, agus nar bháill leó a ccluinsion, nó a ndéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:12
29 Tagairtí Cros  

Ach má iompaíonn sibh féin uaim agus gan mé a leanúint, nó bhur gclann mhac, agus nach gcoimeádfaidh sibh na haitheanta ná na reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,


Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad go beacht gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir a d'ordaigh mo shearbhónta Maois dóibh.”


Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. D'éirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad.


Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí; bhíodar á gcrá de dheasca a gcionta.


Níor choinnigh siad a gconradh le Dia níorbh áil leo siúl de réir a dhlí.


Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.


Má thoilíonn sibh a bheith umhal, íosfaidh sibh de thoradh na talún;


Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.


Is mar seo a d'ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.


agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.’ ”


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iosrael, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,


Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.


Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta; Mo theach is baile dó;


an mhallacht, mura ngéilleann sibh d'aitheanta an Tiarna bhur nDia ach claonadh ón mbealach a d'aithin mé daoibh inniu, le dul sa tóir ar dhéithe eile nárbh eol daoibh cheana.


Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le d'aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.


Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’


Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d'achtaigh an Tiarna,


Scriosfar sibh dála na gciníocha atá le díothú romhaibh ag an Tiarna, toisc gan éisteacht le glór an Tiarna bhur nDia.


Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa.


Ní ceart do sheirbhíseach an Tiarna bheith ag achrann; caithfidh sé bheith séimh le cách, bheith in ann chun múinte agus bheith foighneach,


Tar éis bháis do Mhaois óglach an Tiarna, dúirt an Tiarna le Iósua mac Nún, feidhmeannach Mhaois:


agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.


Óir tá an uain tagtha don bhreith tosú le teaghlach Dé; agus más linne a thosaíonn sí, cén chríoch a bheidh ar an muintir nach ngéilleann do shoisceal Dé?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí