Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus rug rígh ná Hassíria Israel leis don Assíria, agus do chuir sé íad ann Hálah agus Hábor láimh ré habhuinn Gosan, agus a ccaithreachaibh na Médeach:

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:11
21 Tagairtí Cros  

I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.


Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.


Tá a fhios agat faoi seo cad a rinne ríthe na hAsaíre le gach tír á gcur faoin mbang? An dóigh, mar sin, go dtiocfaidh tusa slán?


Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad go beacht gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir a d'ordaigh mo shearbhónta Maois dóibh.”


Dúirt an Tiarna: “Tiomáinfidh mé Iúdá as mo radharc chomh maith, faoi mar a rinne mé le hIosrael agus caithfidh mé i leataobh an chathair seo a thogh mé, Iarúsailéim, agus an Teampall a ndúirt mé faoi: ‘Ansin a lonnóidh m'ainm.’ ”


Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis - Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin.


Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.


mar a rinne mé leis an tSamáir agus lena cuid íol, nach amhlaidh fós a chaithfidh mé le Iarúsailéim agus lena dealbha?”


Is mairg don Asaír, don tslait sin mo chorraí, an bata atá á bheartú agam le barr feirge!


Ó Láicis chuir rí na hAsaíre an tArdoifigeach mar aon le slua mór saighdiúirí ag triall ar Hiziciá rí in Iarúsailéim. Thóg siad ionad in aice le sileán na Linne Uachtair ar an mbóthar go Gort an Úcaire.


Ar fhéad a gcuid déithe na náisiúin a chreach mo shinsir a tharrtháil - Gózán, Hárán, Reizif, agus muintir Éidin a bhí i dTeil [Básár]?


Is í an Damaisc ceann Arám, agus Reizín, ceann na Damaisce; Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta, beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,


óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”


Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna, mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipte agus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iosrael, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,


Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n‑alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael.


is both Mholoch a rinne sibh a iompar agus réalt Reafas, bhur ndia; b'shin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradh agus díbreoidh mé sibh thar Bablóin soir.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí