Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Corantaigh 8:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Thug siad uathu de réir a n‑acmhainne, ní hea, ar m'anam, ach thar a n‑acmhainn; agus dá ndeoin féin

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Táim i mʼfhinné air gur thugadar uathu de réir a n-acmhainne, agus go ndeachaigh siad thar a n-acmhainn dá ndeoin féin,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir de réir a n‐acfuinne, is eadh, agus thar a n‐acfuinn, do‐bheirim m’fhiadhnaise air, go dtugadar d’á saor‐thoil féin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír (do ním dfíadhnuisi dhóibh,) do bhádar toilteanach do réir a nacfuinne, nó fós ós cionn a nacfuinne;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Thug siad uathu de réir a n-acmhainne, ní hea, ar mʼanam, ach thar a n-acmhainn; agus dá ndeoin féin

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 8:3
22 Tagairtí Cros  

Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d'ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d'áthas.


Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].


na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.


Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha,


A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha.


Mar sin de, bheartaigh na deisceabail - gach duine acu de réir a ghustail - ar chabhair airgid a chur chun na mbráithre a bhí ina gcónaí in Iúdáia.


Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.


Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.


Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de m'ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm.


Cad a d'imigh ar bhur gcroíúlacht? Ar m'fhocal daoibh go sracfadh sibh bhur súile amach agus iad a thabhairt dom, dá mb'fhéidir é.


mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.


Geallaimse daoibh gurb é atá ag obair go dian ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus Hiarapoil.


Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n‑anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.


Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é.


Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.


Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí