Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Corantaigh 8:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 d'impigh siad orainn go bog agus go crua ligean dóibh bheith páirteach sa ghar seo atá á dhéanamh do na naoimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 ag impí orainn a ligean dóibh bheith páirteach san fhóirithint sin a bhí le déanamh ar na naoimh—

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 ag iarraidh an ghrása so go dian orainn, bheith chómhpháirteach i bhfriotháileamh na naomh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Dhá íarruidh go gér dathchuinghe oruinne an grása agus cómhruinn sa miniosdrálachd a dtimcheall na náomh, do ghabháil oruinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 dʼimpigh siad orainn go bog agus go crua ligean dóibh a bheith páirteach sa ghar seo atá dá dhéanamh do na naoimh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 8:4
27 Tagairtí Cros  

“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”


óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil m'Athar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.”


Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’


Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí.


Mar sin de, bheartaigh na deisceabail - gach duine acu de réir a ghustail - ar chabhair airgid a chur chun na mbráithre a bhí ina gcónaí in Iúdáia.


Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.


Tar éis mórán blianta, tháinig mé chun déirc a thabhairt do mhuintir mo chine agus ofrálacha a dhéanamh.


go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair do Iarúsailéim;


Maidir leis an mbailiúchán i gcomhair an phobail naofa, leanaigíse freisin an treoir a thug mé d'eaglaisí na Galaite.


Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí Acháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh.


Ní gá dom aon ní a scríobh chugaibh faoin mbailiúchán i gcomhair na naomh.


Níor chuir siad d'agús sa scéal ach go gcuimhneoimis ar na boicht, an rud céanna díreach a raibh fonn orm féin a dhéanamh.


Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.


agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.


Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí