Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 8:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Anois ar a nadhbharsin éist re na nglór: gidheadh taisbéin dhóibh go dúthrachdach, agus foillsigh dhóibh samhuil an rígh riaghlochus os a ccionn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 8:9
10 Tagairtí Cros  

Mar an lá a thug mé bhur n‑aithreacha aníos as críoch na hÉigipte, thug mise rabhadh dóibh go dúthrachtach, agus níor scoir mé den rabhadh go dtí inniu: Umhlaigí dom ghlóir.


Má deirim leis an drochdhuine: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’ agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.


Ní ghabhfaidh an prionsa aon chuid d'oidhreacht an phobail, á ndíbirt as seilbh go héagórach. Tabharfaidh sé oidhreacht dá chlann mhac as a mhaoin féin ionas nach ndíbreofar aon duine de mo phobal as seilbh.”


Mhínigh Samúéil cearta agus dualgais an rí don phobal agus bhreac i leabhar iad agus chuir sé an leabhar sin i láthair an Tiarna. Scaoil sé an pobal uaidh ansin, gach duine abhaile chun a thí féin.


Dúirt Samúéil le hIosrael go léir: “Féach! rinne mé gach ar iarr sibh orm go dílis agus cheap mé rí oraibh.


Bhí cogadh fíochmhar ar siúl in aghaidh na bhFilistíneach i gcaitheamh ré Shóil ar fad. Aon tréanfhear nó gaiscíoch dá bhfeicfeadh sé, ghlacadh sé chun a sheirbhíse féin é.


agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d'ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh


Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin - thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile - tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí