Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 8:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin - thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile - tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Do réir a nuile oibreach dá ndéarnadar ón ló fá ttug misi súas as an Négípt íad gus an lá a niugh, ler thréigeadar misi, agus le ndéarnadar seirbhís do dheeibh oile, is mar sin fós do níd riotsa.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 8:8
22 Tagairtí Cros  

sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompu ina nglúin easumhal ceanndána; glúin gan seasmhacht ina gcroí nach raibh dílis do Dhia ina meanma.


agus deiridís leo: “Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.”


Agus chrom an pobal ar chasaoid le Maois: “Tabhair dúinn uisce le hól!” a deiridís. D'fhreagair Maois: “Cad a b'áil libh ag casaoid liom? Cad ab áil libh ag promhadh an Tiarna?”


Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: “Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.”


I gceann seacht mbliana ligeadh gach aon duine agaibh dá dheartháir Eabhrach, a díoladh libh, imeacht; tar éis sé bliana dó ina sclábhaí agat ligfidh tú dó imeacht saor uait. Ach níor éist bhur n‑aithreacha, ní thabharfaidís aird.


“A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d'éirigh amach i m'aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n‑aithreacha i m'aghaidh go dtí an lá inniu féin.


Lá arna mhárach bhí comhthionól uile chlann Iosrael ag monabhar in aghaidh Mhaois agus in aghaidh Árón, á rá: “Tá an bás tugtha agat sa mhullach ar phobal an Tiarna!”


Tá sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna ón lá a chuir mé aithne oraibh.


Chrom clann Iosrael ar an olc a dhéanamh arís i bhfianaise an Tiarna, agus thug an Tiarna ar láimh iad do na Filistínigh ar feadh daichead bliain.


Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: “Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór,


Nuair a d'éag Éahúd, chrom clann Iosrael arís ar an olc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna.


Rinne clann Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; thug an Tiarna ar láimh iad do Mhidián ar feadh seacht mbliana.


Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu.


Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí