Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 7:40 - An Bíobla Naofa 1981

40 Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 ¶ Agus do rinne Híram na láibhéir, agus na sluáiste, agus na báisinigh. Mar sin do chuir Híram críoch ar dhéanamh na hoibre uile do rinne don rígh Solamh do thigh an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 7:40
12 Tagairtí Cros  

Rinne sé deich seastán cré-umha; bhí gach seastán ceithre bhanlámh ar fhad, ceithre bhanlámh ar leithead, agus trí bhanlámh ar airde.


Agus rinne sé deich mbáisíní cré-umha; bhí lán daichead folcadán i ngach báisín; bhí ceithre bhanlámh i dtomhas gach báisín, báisín do gach seastán de na deich gcinn.


Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna:


Thug Dáiví dlús mór cré-umha ó Thibeat agus ó Chún, cathracha le Hadad Eizir; de sin a rinne Solamh an mhuir chré-umha, agus na colúin chré-umha, agus na soithí cré-umha.


Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir.


Rinne sé deich gcinn de bhoird, agus chuir i halla an Teampaill iad, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. Rinne sé céad babhla óir.


Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir.


Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí