Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 7:39 - An Bíobla Naofa 1981

39 Agus rinne sé deich mbáisíní cré-umha; bhí lán daichead folcadán i ngach báisín; bhí ceithre bhanlámh i dtomhas gach báisín, báisín do gach seastán de na deich gcinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus do chuir sé cúig bhása ar an ttaóibh ndeas don tigh, agus cúig ar an ttaóibh chlé don tigh: agus do shuighidh sé a nfairge ar an ttáobh ndeas don tigh leath shoir as coinne an taóibhe ó dheas.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 7:39
6 Tagairtí Cros  

Mar sin is ea a rinne sé na deich seastáin; teilgeadh iad go léir mar a chéile, an tomhas céanna agus an cruth céanna.


Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas.


Chuir sé an mhuir ar dheis beagán sa chúinne thoir ó dheas den Teampall.


Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir.


Rinne sé na deich gcoinnleoirí óir mar a bhí leagtha síos agus chuir sé suas iad i halla an Teampaill, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé.


Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí