Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Ríthe 7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Palás. 2 Agus grianán Sholaimh. 13 Le córughadh an teampuil.

1 Ach do bhí Solamh ag déanamh a thighe féin trí blíadhna déug, agus do chríochnuigh se a thigh uile.

2 ¶ Do chuir sé súas mar an gcéadna tigh fhoraoise Lebanon; céad cubhad do bhí ann air fad, agus cáogad cubhad air leithead, agus tríochad cubhad air áirde, ar cheithre phéirse do philéuruibh cédair, agus saltacha cédair ar na piléuruibh.

3 Agus do bhí sé foluighthe lé cédar ós a chionn ar na saltachaibh, noch do bhí air chúig agus cheathrachad piléur, a cúig déug ann gach péirse.

4 Agus do bhádar fuinnéoga a ttrí phéirse, agus solus ar aghaidh sholuis a ttrí ccúrsa.

5 Agus do bhádar na doirse agus na postadha ceathairbhéannach, maille ris na fuinnéogaibh: agus do bhí solus ar aghaidh sholuis a ttrí ccúrsa

6 Agus do rinne se póirse piléur; ann a raibh caogad cubhad air fad, agus triochad cubhad air leithead: agus do bhí an póirse dhá réir sin: agus na piléir eile agus na saltacha reamhra dha réir sin.

7 ¶ Ann sin do rinne se poirse don chathaóir riogha mar a mbíadh ag breitheamhnus, eadhon póirse an breitheamhnuis: agus do bhí foluighthe le cédar ó thaobh don nurlár go ttí an táobh oile.

8 ¶ Agus a thigh iona raibh sé na chomhnuighe do bhí cuirt oile an táobh a stigh don phoirse, noch do bhi don nobair chéadna. Do rinne Solamh tigh fós dinghin Phárao, (noch thug sé na mnáoi,) cosmhuil ris an bpoirsise.

9 ¶ Do bhádar so uile do chlochuibh mórluáigh, do reír mhiosúir chloch snoighte, ar na ngearradh le toiriosguibh, a stigh agus amuigh, eadhon ó íachdar go húachdar, agus mar sin ar an gcuid amuigh leath ris an gcúirt mhóir.

10 Agus do bhí an bhunáit do chlochaibh mórluáigh, eadhon clocha móra, clocha do dheich ccubhaduibh, agus clocha do ocht ccubhaduibh.

11 Agus do bhádar shuas clocha mórluáigh, (do réir mhiosúir chloch snoighte,) agus cédair.

12 Agus do bhí an chuirt mhór timchioll fa thrí chúrsa do chlochaibh snoighte, agus cúrsa do shaltachaibh cédair, air an modh ccéadna an chúirt do bfaide a steach do thigh an TIGHEARNA, agus póirsi an tighe.

13 ¶ Agus do chuir an rígh Solamh fios agus thug Hiram as Tior chuige.

14 Budh mac baintreabhuigh é do threibh Naphtali, agus duine do Thior a athair, oibrighthe a bprás: do bhi se líonta dintleachd, agus do thuigse, agus glic doibriughadh gach uile oibre phráis. Agus tháinic sé chum Soluimh righ, agus do rinne se a obair uile.

15 ¶ Oír do theilg sé dhá phileur prais, a rabhadar ocht ccubhaid déug an gach piléur dhíobh: agus do thigeadh corda dhá chubhad déug timchioll gach pileur aca.

16 Agus do rinne sé dhá cheann do phrás leaghtha, ré a ccur ar mhullach na bpiléur: áirde chinn diobh cúig cubhaid, agus áirde an chinn oile cúig cubhaid.

17 Agus líonradh dobair chrosaigh, agus figheachám dobair shlabhruidh, chum na gceann do bhí ar mhullach na bpiléur; a seachd do cheann díobh, agus a seachd do cheann oile.

18 Agus do rinne se na pileír, agus dhá chúrsa fá gcuairt ar líonobair dhiobh, dfolach na ccéann do bhí ar an mullach, maille re pomgranatuibh: agus is mar sin do rinne sé ris an gceann oile

19 Agus na cinn do bhí a mullach na bpiléur do bhádar dobair lile annsa bpóirse, ceithre cubhaid.

20 Agus na cinn ar a dá philéur do bhí pomgranait orra shúas, thall as coinne an bhuilg laímh ris a nobair lín: agus do bhí dha chéud annsna pomgranatuibh na ccúrsadhuibh timchioll fa gcuáirt ar an cceann oile.

21 Agus do chuir sé súas na piléir a bpóirse an teampuill: agus do chuir sé súas an pileur deas, agus tug sé Iachin dainm air: agus do chuir sé an piléur clé súas, agus thug Boas dainm air.

22 Agus ar mhullach na bpiléur do bhí obair lile: mar sin do bhí obair na bpiléur criochnuighthe.

23 ¶ Agus do rinne sé fairge leaghtha, deich ccubhaid ón bhruach go chéile: do bhí sí cruinn gach éantáobh, agus do bhí cuig ccubhaid na háirde: agus tháinic snáithe thríochad cubhad ann a cumpás fa ccúairt timchioll.

24 Agus do bhádar cnapáin fá na brúach ag teachd na timchioll gach éantáoibh, a deich annsa chubhad, ag teachd timchioll na fairge fa ccuáirt: do theilgiodh na mill a ndá chúrsa, a núair do teilgeadh é.

25 Do sheas sin ar dhá dhamh dheúg, a trí ag féuchuin budh thuáigh, a tri ag féuchuin síar, a trí ag féuchuin budh dheas, agus a trí ag féachuin soir: agus do suígheadh a nfairge orra shuás, agus do bhí a leith‐deirigh uile a stigh.

26 Agus do bhí leithead baise ar thiugheadus ann, agus do bhí a bhruach sin ar na dhéanamh mar bhrúach cupáin, maille re bláthuibh lile: do chongmhadh sé dhá mhíle bát.

27 ¶ Agus do rinne sé deich mbása praís; ceithre cubhaid a bhfad bása dhíobh, ceithre cubhaid na leithiod, agus trí cubhaid na áirde.

28 Agus ar an modhso do bhí obair na mbása; agus do bhí imle orra, agus do bhí na himle eídir na trasnánuibh:

29 Agus ar na himlibh do bhí idir na trasnánuibh do bhádar léomhain, daimh, agus cherubínigh: agus ar na trasnánuibh do bhí bása ós a ccionn: agus do bhádar foirlíonta áirigh déanta debair thana faói na léomhanuibh agus na damhuibh.

30 Agus do bhí ag gach ean bhása ceithre roithléin phráis, agus plátadha práis: agus do bhádar ag na ceithre coirnéuluibh iomchuir fútha: fan laibhéir do bhí iomchair leaghtha ag taoibh gach foirlíonta.

31 Agus an béul a stigh annsa cheann aige agus shúas do bá cubhad é: achd do bhí a bhéul cruinn do réir oibre an bhása, cubad go leith: agus mar an gcéadna do bhádar neithe greanta ar a bhéul maille re na nimlibh, ceathairbheannacha, ní cruinn.

32 Agus do bhádar ceithre roithléin fana nimlibh; agus mul na roithléan céangailte don bhása: agus dob é áirde an roithléin cubhad agus leath chubhad.

33 Agus do bhí obair na roithléan cosmhuil re hobair roithléan carbuid: a mula agus a ccrúba, agus a rioghthacha, agus a ttar, do bhádar uile leaghtha.

34 Agus do bhádar ceithre gabhla fulaing air cheíthre coirnéuluibh an bhása: agus do bhádar na gabhla fulaing sin don bhása féin.

35 Agus do bhí compás cruinn a mullach an bhása do leathchubhad ar áirde: agus a mullach an bhása do bhádar a thrasnáin agus a imle don ní chéadna.

36 Oír ar chaóin na gclár sin, agus ar a nimlibh, do ghrabháil sé cherubínigh, agus leomhuin, agus crainn phailme, do réir mhéide gach aoin aca, agus a bhfoirlíonta fa gcnáirt.

37 Ar an modhsa do rinne sé na deich mbása: éan teilgean do bhí aca uile, éanmhiosúr, agus éainmhéid.

38 ¶ Ann sin do rinne sé deich mbáisín práis, do chongmhadh báisín dhíobh ceathrachad bát: agus do bhí ceithre cubhaid ann gach éanbháisín: agus báisín ar gach éan bhása do na deich mbásaibh.

39 Agus do chuir sé cúig bhása ar an ttaóibh ndeas don tigh, agus cúig ar an ttaóibh chlé don tigh: agus do shuighidh sé a nfairge ar an ttáobh ndeas don tigh leath shoir as coinne an taóibhe ó dheas.

40 ¶ Agus do rinne Híram na láibhéir, agus na sluáiste, agus na báisinigh. Mar sin do chuir Híram críoch ar dhéanamh na hoibre uile do rinne don rígh Solamh do thigh an TIGHEARNA.

41 An dá philéur, agus an dá cheannbhulla noch do bhí a mullach an da philéur; agus an dá líonobair, dfolach an dá cheannbhulla noch do bhí ar mhullach na bpiléur;

42 Agus ceithre chéud pomegranat don dá líonobair, eadhon dhá chúrsa pomegranat da gach líonobair dhíobh, dfolach an dá cheannbhulla do bhí ar mhullach na bpiléur;

43 Agus na deich mbása, agus na deich láibhéir ar na básaibh;

44 Agus éanfhairge amháin, agus dha dhamh dhéug fáoi an nfairge;

45 Agus na potadha, agus na sluáiste, agus na báisínidhe: agus ná soighthighsi uile, noch do rinne Híram don rígh Solamh do thigh an TIGHEARNA, do bhádar na bprás ghléaghlan.

46 A réiteach Iordan do theilg an rígh íad, a bhfearann na talumhan buidhe eidir Shuccoth agus Shartan.

47 Agus dfág Solamh na soighthigh uile gan a ccur a comhthrom, do bhrígh go rabhadar ro iomadamhuil: ní mó frith fios comhthroim an phráis.

48 ¶ Agus do rinne Solamh na soighthidhe uile do bhean re tigh an TIGHEARNA: a naltóir óir, agus an bórd óir ar a raibh an tarán taisbéunta.

49 Agus na coinnleóirigh dór fhíorghlan, a cuig ar an ttáobh ndeas, agus a cúig ar an taobh clé, as coinne a noracuil, maille ré na bhláithibh, agus leis na lampadhuibh, agus leis na teanchairighibh óir.

50 Agus na báisínigh, agus na glantóirigh, agus na cupáin, agus na spónoguidh, agus na túiseóirigh dór fhíorghlan; agus na crúcadha óir, a ráon do dhoirsibh an tighe a stigh, do náit ronáomhtha, agus do dhoirsibh an tighe, mar atá an teampull.

51 Mar sin do críochnuigheadh a nobair uile do rinne an rígh Solamh do thigh an TIGHEARNA. Agus thug Solamh a steach na neithe do choisríg Dáibhi a athair; eadhon an tairgiod, agus an tór, agus na soithighe, do chuir sé a measc ionmhuis thighe an TIGHEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí