Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 7:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Maidir lena phálás féin, bhí Solamh trí bliana déag á thógáil nó go raibh críoch curtha aige ar a rítheach go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Ach do bhí Solamh ag déanamh a thighe féin trí blíadhna déug, agus do chríochnuigh se a thigh uile.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 7:1
7 Tagairtí Cros  

Rinne Solamh cleamhnas le Forann rí na hÉigipte; phos sé iníon Fhorainn agus thug sé leis í go Dúnfort Dháiví nó go mbeadh a theach féin agus teach an Tiarna agus an balla timpeall ar Iarúsailéim tógtha aige.


San aonú bliain déag, i mí Búl, an t‑ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil.


Nuair a bhí deireadh déanta ag Solamh ag togáil Theampall an Tiarna, agus an pháláis, agus gach ar mhian leis a thógáil,


Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh an dá fhoirgneamh a thógáil, Teampall an Tiarna agus a phalás féin,


Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh Teampall an Tiarna agus a theach féin a thógáil,


Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí