1 Ríthe 3:22 - An Bíobla Naofa 198122 Ach labhair an bhean eile: “Éitheach,” ar sise, “liomsa an leanbh beo, leatsa an marbh.” “Ní mar sin atá,” arsa an chéad bhean, “leatsa an marbh, liomsa an leanbh beo.” Sin mar a bhíodar ag aighneas i bhfianaise an rí. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 Agus a dubhairt an bhean oile, Ní headh; acht is liomsa an mac béo, agus isé an marbh do mhacsa. Agus a dubhairt sisi, Ní headh; isé an marbh do mhacsa, agus an beó mo mhacsa. Marso a deirdís a lathair na ríghe. Féach an chaibidil |