Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 de bharr peacaí Bháiseá go léir, agus peacaí Éalá, a mhac, a pheacaíodar, agus na bpeacaí inar threoraigh siad Iosrael, agus iad ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Arson pheacadh Bhaasa uile, agus pheacadh Elah a mhic, lér pheacuidheadar, agus lé ttugadar air Israel peacughadh, ag brostughadh an TIGHEARNA Día Israel chum feirge lé na ndíomháineasaibh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:13
15 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”


Bhí Ásá agus Báiseá rí Iosrael ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.


de bharr peacaí Iarobám agus na bpeacaí inar threoraigh sé Iosrael chun peacú agus de bhrí gur ghriog sé an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge.


Rinne sé aithris chruinn ar Iarobám mac Nabát agus ar na peacaí inar threoraigh sé Iosrael, ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha.


Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.


Ní dada iad agus iad a chur le chéile; neamhní is ea a n‑oibreacha, níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois.


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta: is díomhaoin é teagasc na náideanna seo,


Agus mé ag dul i laige le giorra anála, chuimhnigh mé ar an Tiarna agus tháinig m'achainí chugatsa, chomh fada le do Theampall naofa:


Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.


Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia; ghriogadar mé lena n‑íola. Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal, Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.


Ná casaigí i leataobh ar thóir íol baoth nach féidir dóibh cabhair ná fuascailt a thabhairt mar gur baoth iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí