Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Scrios Zimrí teaghlach Bháiseá go léir de réir bhriathar an Tiarna a labhair sé ó bheal an fháidh Iéahú,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Marso do scrios Simri tigh Bhaasha uile, do réir bhréithre an TIGHEARNA, do labhair sé a naghaidh Bhaasa re Iehu an fáidh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:12
11 Tagairtí Cros  

Rinne Iosrael go léir é a adhlacadh agus a chaoineadh, de réir bhriathar an Tiarna, a labhair sé ó bhéal a shearbhónta, an fáidh Aichíá.


Bhí Ásá agus Báiseá rí Iosrael ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.


Tháinig briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá chun Iéahú mac Hanáiní á rá:


Scuabfaidh mé Báiseá agus a theaghlach chun siúil, más ea; cuirfidh mé an chríoch chéanna ar do theaghlach agus a cuireadh ar theaghlach Iarobám mac Nabát.


Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d'olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin.


Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.


Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir.


Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag Dia ionas go gcomhlíonfadh an Tiarna an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát.


Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?


An chuid eile de stair Iahóiseáfát, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa in Annála Iéahú mac Hanáiní atá cóipeáilte i Leabhar Ríthe Iosrael.


An té a chuireann amadán ar theachtaireacht, (gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí