Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 13:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ach d'fhreagair an giolla Dé an rí: “Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus a dubhairt óglach Dé ris an rígh, Má bheir tú dhamhsa leath do thighe, ní racha mé a steach leachd, ní mó íosas mé arán nó ibhios mé uisge san náitse:

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 13:8
14 Tagairtí Cros  

mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: ‘Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.’ ”


Ach d'fhreagair seisean: “Dar an Tiarna beo dá ndéanaim seirbhís, ní thógfaidh mé aon ní.” Agus bhí Námán ag tathant air ach ní dhéanfadh.


Ná claon mo chroí chun oilc ar bith ná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide; nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.


“Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”


An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir:


Caithfidh tú féin gach a n‑ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír.


Ach d'fhreagair Balám teachtaí Bhálác: “Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d'ór agus d'airgead dom, ní fhéadfainn aithne an Tiarna mo Dhia a shárú in aon ní beag ná mór.


“Fanaigí anseo thar oíche,” ar sé leo, “agus tabharfaidh mé freagra ar ais chugaibh de réir mar a déarfaidh an Tiarna liom.” D'fhan prionsaí Mhóáb le Balám.


‘Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d'ór agus d'airgead dom, ní fhéadfainn briathar an Tiarna a shárú agus rud a dhéanamh as mo stuaim féin, cibé acu maith nó olc é; a ndeir an Tiarna, sin é a déarfaidh mé.’


Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”


Agus thug sé a mhionn di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí