Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 13:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: ‘Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Oír is marsin do cuireadh do chúram orum lé breithir an TIGHEARNA, gha rádh, Ná hith arán, agus ná hibh uisge, agus narab mó ghéabhus tú an tslighe chéadna ag fileadh dhuit.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 13:9
19 Tagairtí Cros  

Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.


Thug sé bóthar eile air féin agus níor fhill sé an tslí a ghabh sé ag teacht go Béitéil.


“Ní féidir liom filleadh ar ais leat,” ar sé, “(ná dul isteach abhaile leat) ná bia ná deoch a chaitheamh anseo leat,


Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach.


Ach d'fhreagair an giolla Dé an rí: “Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,


Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.


Ná claon mo chroí chun oilc ar bith ná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide; nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.


Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.”


Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.


Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.


Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,


Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid.


agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.


Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.


Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí