Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 13:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Agus a dubhairt an rígh ré hóglach an TIGHEARNA, Tárr liomsa dom thigh, agus léig do scíth, agus do bhéara mé tíodhlacadh dhuit.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 13:7
10 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.” “Déan mar a deir tú,” ar siad.


Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.”


Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”


Féadfaidh tú, mar shampla, dul ar ais go Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dá ndearna rí na Bablóine rialtóir ar bhailte Iúdá, agus cónaí a dhéanamh ina fhochair i measc an phobail; nó imeacht leat go dtí do rogha áit.” Ansin thug ceannaire an gharda liúntas bia dó agus bronntanas, agus lig dó imeacht.


“Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.


Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,


Dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Fan farainn, le do thoil, nó go n‑ullmhóimid meannán duit,”


Thug sé chun a thí é, agus thug bia do na hasail. Nigh na taistealaithe a gcosa, ansin d'ith agus d'ól.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí