Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 12:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Ansin thóg Iarobám Seicim in ardáin Eafráim agus chuir faoi ann. Ansin d'fhág sé an áit sin agus dhaingnigh sé Panúéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 ¶ Ann sin do chuir Ieroboam Sechem súas ar shlíabh Ephraim, agus do rinne sé comhnúidhe ann, agus dimthigh amach as sin; agus do chuir sé Penuel súas.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 12:25
15 Tagairtí Cros  

ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd.


Uime sin go dtí an lá inniu féin ní itheann na hIosraelaigh féithleog an chromáin atá i log na ceathrún mar gur bhuail sé buille ar Iacób i log a cheathrún i bhfeithleog an chromáin.


A luaithe a chuala Iarobám mac Nabát an scéala agus é fós san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí, d'fhill sé ón Éigipt.


Agus dúirt Iarobám ina chroí istigh: “Dá réir seo, fillfidh an ríocht seo chun teaghlach Dháiví.


Ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d'fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá.


Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh.


Seo cur síos ar an saothar éigeantach a rinne Solamh a thobhach do thógáil Teampall an Tiarna, a phálás féin, an Mileo, balla Iarúsailéim, Hazór, Migideo, Geizir


go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n‑éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna.


Scrios sé túr Phanúéil agus chuir sé ár mhuintir na cathrach.


Chuaigh sé as sin go Panúéil agus d'iarr sé an rud céanna orthu; thug muintir Phanúéil freagra air mar a rinne muintir Shucót.


Chuaigh Aibímeilic mac Iarubál go Seicim, go bráithre a mháthar, agus dúirt leosan agus le fine uile theaghlach a mháthar:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí