Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 12:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” (Agus d'éisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus d'imíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 As márso a deir an TIGHEARNA, Ní rachtáoi súas, agus ni throidfidhe a naghaidh bhur ndearbhráithreach clann Israel: filleadh gach éanduine aguibh dhá thigh fein; óir is uáimse atá an ní si. Déisteadar san ar a nadhbharsin ré focal an TIGHEARNA, agus dtilleadar dinitheachd do réir fhocail an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 12:24
13 Tagairtí Cros  

D'fhreagair Lábán agus Batúél: “Ón Tiarna é seo! ní féidir linne sea ná ní hea a rá leat.


Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag an Tiarna ionas go gcomhlíonfadh sé an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát.


Ansin thóg Iarobám Seicim in ardáin Eafráim agus chuir faoi ann. Ansin d'fhág sé an áit sin agus dhaingnigh sé Panúéil.


Bhí Rachabám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré.


Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí chun troda in aghaidh bhur mbráithre. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” D'éisteadar le briathar an Tiarna agus d'fhilleadar in ionad máirseáil in aghaidh Iarobám.


Ba é toil an Tiarna é Achaizíá a scriosadh tríd an turas seo ar thuairisc Iahórám. Nuair a tháinig sé ansiúd chuaigh sé amach le Iahórám le bualadh le Iéahú mac Nimsí an té a bhí ungtha ag an Tiarna le teaghlach Acháb a scriosadh.


Ansin scaoil Amaiziá uaidh an t‑arm a tháinig ó Eafráim, agus chuir abhaile iad. Tháinig fearg mhór orthusan le Iúdá agus d'imigh siad leo abhaile agus iad ar deargbhuile.


Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom; cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle. Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir, agus dá dheasca sin scriosfar iad.


Ná gabhaigí suas mar níl an Tiarna in bhur gcoimhdeacht, agus ná scriosadh bhur naimhde sibh.


Ní raibh a fhios ag a athair ná ag a mháthair gur ón Tiarna a tháinig sé sin go léir; óir bhí seisean ag lorg iarraim cúis chugat chun na bhFilistíneach, mar bhí na Filistínigh i gceannas ar Iosrael an t‑am úd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí