Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 12:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Mar sin do chuáidh Israel a naghaidh thighe Dháibhi gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 12:19
10 Tagairtí Cros  

Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”


Nuair a stoll sé Iosrael ó theaghlach Dháiví, rinne siad rí de Iarobám mac Nabát. Agus sheol Iarobám Iosrael ó lorg an Tiarna agus threoraigh iad isteach i gcoir mhór.


Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.


Rinne Aibíá agus a shluaite ár agus eirleach orthu; thit cúig céad míle d'fhir thofa Iosrael marbh ar pháirc an áir.


Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d'athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre).


“A mhic an duine, glac chugat bata agus scríobh air: ‘Thar ceann Iúdá agus chlann Iosrael i gcomhar leis.’ Glac bata eile ansin agus scríobh air: ‘Thar ceann Iósaef, bata Eafráim, agus muintir Iosrael uile atá i gcomhar leis.’


a thit ar lár d'ainneoin sin uile, ní féidir a leithéidí siúd a thabhairt chun aithrí arís de bhrí go bhfuil siad ag céasadh Mac Dé dá ndeoin féin uair amháin eile agus ag déanamh ceap magaidh de.


Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.


Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí