Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 12:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir na hIosraelaigh go léir chun báis de chlocha é; ansin bhrostaigh Rachabám agus phreab ina charbad agus theith go Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Ann sin do chuir an rígh Rehoboam Adoram, noch do bhí ós cionn an chíosa; agus do chlochadar Israel uile é le clochaibh, go bhfúair sé bás. Uimesin do rinne an rígh Rehoboam deithneas do dhul súas ann a charbad, do theitheamh go Hierusalem.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 12:18
12 Tagairtí Cros  

bhí Adorám i bhfeighil an tsaothair éigeantaigh, agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina chroinicí;


Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh.


Tháinig daoine ó gach cine chun éisteacht le heagna Sholaimh, agus ó ríthe uile an domhain a chuala faoina eagna.


Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir clann Iosrael chun báis de chlocha é; ansin níor mhór do Rachabám preabadh ina charbad agus teitheadh go Iarúsailéim.


Rinneadar uisce faoi thalamh ina aghaidh agus ar fholáireamh an rí chlochadar é i gclós Theampall an Tiarna.


Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: “Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.”


an laoch is cróga teithfidh sé leis gan chathéide an lá sin, a deir an Tiarna.


Ag caint ar ghabháil de chlocha orthu a bhí an comhthionól go léir nuair a thaispeáin glóir an Tiarna í féin ag Both na Teagmhála do chlann Iosrael.


Ansin d'imigh an ceannfort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí