Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 10:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Den adhmad almug rinne an rí teanntaí do Theampall an Tiarna, agus don phálás ríoga, agus lireanna agus cruiteanna do na ceoltóirí; níor tháinig a thuilleadh den adhmad almug sin ó shin, ná ní fhacthas aon chuid de go dtí an lá seo féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do rinne an rígh do na crannuibh Almug piléir do thigh an TIGHEARNA, agus do thigh an rígh, cláirseacha mar an gcéadna agus adhbha chíuil don luchd ceóil: ní thainic a leithéid sin do chrannuibh Almug, ní mó do chonncus íad gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 10:12
9 Tagairtí Cros  

Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail.


Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí mora d'adhmad almug agus de liaga lómhara.


Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi, agus bronntanais le barr a fhéile ríoga féin chomh maith. Ansin d'imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.


bhí ceithre mhíle díobh i bhfeighil na ngeataí, agus ceithre mhíle díobh ag moladh an Tiarna leis na gléasanna ceoil a chuir [Dáiví] á ndéanamh chuige sin.


Rinne an rí cláir urláir do Theampall an Tiarna agus don phálás ríoga, agus cruiteanna agus cláirseacha don lucht ceoil, den adhmad algum; ní fhacthas a leithéid riamh roimhe sin i dtír Iúdá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí