Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 10:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí mora d'adhmad almug agus de liaga lómhara.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus cobhlach Híram mar an gcéadna, noch thug ór ó Ophir, thugadar leó ó Ophir ro mhórán crann Almug, agus cloch úasal.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 10:11
9 Tagairtí Cros  

Den adhmad almug rinne an rí teanntaí do Theampall an Tiarna, agus don phálás ríoga, agus lireanna agus cruiteanna do na ceoltóirí; níor tháinig a thuilleadh den adhmad almug sin ó shin, ná ní fhacthas aon chuid de go dtí an lá seo féin.


Óifir, Havalá, Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir.


Cuir chugam adhmad céadair, cufróige, agus algum ón Liobáin, mar tá fhios agam go bhfuil do shearbhóntaí oilte ar leagan crann sa Liobáin. Déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse.


Déanfaidh siad raidhse adhmaid a ullmhú dom, mar is teach ábhalmhór an teach atá le tógáil agam.


Chuir Húrám longa faoi stiúir a chuid fear féin chuige, agus mairnéalaigh eolgaiseacha. Chuadarsan le muintir Sholaimh go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad go leith tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.


Agus caith an t‑ór sa luaithreach, Agus ór Óifír ar ghrinneall na habhann;


Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d'éadaí; seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí