Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 1:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 An le cead mo thiarna, an rí, a rinneadh é sin? An amhlaidh nár inis tú don mhuintir atá dílis duit cé tá le suí i gcathaoir mo thiarna an rí i gcomharbacht air?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 A né mo thighearna an rígh do rinne na neithesi, agus nár fhoillsigh tú dot shearbhfhoghantuigh, cía shuighfiodh a scathaóir mo tighearna an rígh na dhiaigh?

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 1:27
6 Tagairtí Cros  

“A thiarna rí liom,” arsa Nátán, “an mar seo, más ea, a bheartaigh tú: ‘Adoiníá a bheidh ina rí i mo dhiaidhse: eisean atá le suí i mo ríchathaoir’?


Ach níor thug sé cuireadh domsa, do shearbhónta, ná do Zádóc an sagart, do Bhanáiá mac Iahóideá ná do do shearbhónta Solamh.


Ansin labhair Dáiví rí: “Glaoigh chugam ar Bhaitseaba,” ar sé. Agus tháinig sise i láthair an rí agus sheas os a chomhair.


Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: “Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.”


Nuair a bhí Dáiví ina laethe lána liatha, cheap sé Solamh a mhac ina rí ar Iosrael.


Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m'Athair, chuir mé in iúl daoibh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí