Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 1:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Is ortsa anois atá a súile ag gach duine in Iosrael chun go n‑ainmneofá comharba ar mo thiarna an rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus tusa, mo thighearna, ó á rígh, atáid súile Israel uile ort, go ninneostá dhóibh cía shuighfios a ccatháoir riogha mo thighearna an rígh na dhiáigh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 1:20
11 Tagairtí Cros  

Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa, tá a bhriathar ar mo theanga.


Rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, don sagart Aibíátár, agus do Ióáb an ceann feadhna; ach d'fhág sé Solamh do shearbhónta gan chuireadh.


Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.”


Déan do mhachnamh anois ar conas a thogh an Tiarna thú le teach a thógáil don sanctóir. Bí laidir agus déan amhlaidh.”


Dúirt Dáiví rí ansin leis an gcomhthionól go léir: “Solamh mo mhac, an té sin amháin a roghnaigh Dia thar chách, tá sé óg ar bheagán taithí, agus is mór é an saothar; óir ní do dhuine an pálás seo, ach don Tiarna Dia.


Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”


Mar shúile na ndaor ag faire ar lámha a dtiarna; mar shúile an chailín aimsire ag faire ar lámha a máistreása,


Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíor óir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon.


Seo í an chloch atáimse a chur ar Iósua; tá seacht ngrua ar an aon chloch amháin seo agus greanfaidh mé féin an inscríbhinn uirthi, a deir Tiarna na Slua, agus glanfaidh mé urchóid na tíre seo di in aon lá amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí