1 Ríthe 1:19 - An Bíobla Naofa 198119 Rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, don sagart Aibíátár, agus do Ióáb an ceann feadhna; ach d'fhág sé Solamh do shearbhónta gan chuireadh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Agus do mharbh sé daimh agus áirnéis reamhar agus mórán cáorach, agus do thug sé cuireadh do mhacuibh an rígh uile, agus do Abiatar an sagart, agus do Ióab caiptín an tslóigh: ach ní thug sé cuireadh dot shearbhfhoghantuigh Solamh. Féach an chaibidil |
Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’