Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Peadar 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost:

2 Go méaduightear grása agus siothcháin daoibh tré eolas Dé agus Íosa ár dTighearna:

3 ó tárla gur bhronn a chumhacht diadha gach éinnidh atá riachtanach do’n bheathaidh agus do’n diadhacht orainn, tré eolas an té do ghlaodh tré n‐a ghlóir agus tré n‐a shubháilce féin sinn;

4 tré n‐ar bhronn sé orainn geallamhnacha an‐mhóra, sár‐luachmhara; chum go mbéadh sibh rannpháirteach san nádúir dhiadha d’á mbárr, tar a éis daoibh teacht saor ó’n truailliú atá san tsaoghal tré ainmhiantaibh.

5 Ar an adhbhar seo féin déanaidh lán bhur ndíchill, agus cuiridh subháilce le n‐bhur gcreideamh;

6 agus eolas le subháilce; agus measardhacht le h‐eolas; agus foidhne le measardhacht;

7 agus diadhacht le foidhne; agus grádh bráthardha le diadhacht; agus caon‐charthannacht le grádh bráthardha.

8 Óir má bhíonn na tréithe seo go líonmhar ionnaibh, ní leigfidh siad daoibh bheith leisceamhail, gan toradh, chum eolas d’fhágháil ar ár dTighearna Íosa Críost.

9 Óir an té go bhfuil na neithe seo i n‐easnamh air, atá sé gearr‐radharcach; ní fheiceann sé éinnidh nach bhfuil i ngar dó, agus atá sé g‐á dhearmad gur glanadh é ó na shean‐pheacaidhibh.

10 D’á bhrigh sin, a bhráithre, déanaidh iarracht san mbreis ar bhur ngairm agus ar bhur dtoghadh do dhaingniú: óir ag cleachtadh na neithe seo dhaoibh, ní thuisleochaidh sibh choidhche:

11 óir is mar sin do‐bhéarfar daoibh slighe fhairsing isteach i ríoghacht ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost.

12 Ar an adhbhar sin leanfad‐sa i gcómhnaidhe de bheith ag cur na neithe seo i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil eolas agaibh ortha, agus go bhfuil sibh suidhte go daingean san bhfírinne atá anois ann.

13 Agus measaim gur ceart dom, a fhad is táim san mboith seo, bheith ag ath‐bhrostú bhur gcuimhne:

14 agus a fhios agam gur gairid dom an t‐am ’n‐a scarfad leis an mboith seo agam, fá mar tá foillsighthe ag ár Slánuightheoir Íosa Críost dom.

15 Acht déanfad gach iarracht chum go mbéidh ar chumas daoibh, tar éis imtheacht dom, bheith ag athchuimhneamh ar na neithibh seo.

16 Óir ní finn‐scéalta fighte go cliste do leanamar nuair chuireamar i bhfios daoibh cumhacht agus teacht ár dTighearna Íosa Críost, acht is amhlaidh chonnacamar a mhórdhacht le n‐ár súilibh féin.

17 Óir fuair sé onóir agus glóir ó Dhia an tAthair, go dtáinig an guth chuige as lár na glóire mór‐thaidhbhsighe, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas:

18 agus do chualamar féin an guth so ag teacht as na flaitheasaibh, agus sinn i n‐éinfheacht leis ar an sliabh beannuighthe.

19 Agus atá briathar na tarngaire níos daingne go mór againn; agus ba cheart daoibh aire do thabhairt dó, mar thiubhradh sibh do lóchrann ag soillsiú i n‐áit dorcha, nó go ngealaidh an lá, agus go n‐éirighidh réalta na maidne ’n‐bhur gcroidheachaibh:

20 agus bíodh a fhios agaibh, tar gach nidh eile, nach gceaduightear d’aon duine tarngaire ar bith d’á bhfuil san scrioptúir a mhíniú as a stuaim féin.

21 Óir ní dhe dheoin an duine féin tháinig aon tarngaire ariamh: acht is amhlaidh do labhair daoine do cuireadh ó Dhia, agus an Spiorad Naomh g‐á ngluaiseacht.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí