Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Peadar 1:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 tré n‐ar bhronn sé orainn geallamhnacha an‐mhóra, sár‐luachmhara; chum go mbéadh sibh rannpháirteach san nádúir dhiadha d’á mbárr, tar a éis daoibh teacht saor ó’n truailliú atá san tsaoghal tré ainmhiantaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 inar dheonaigh sé dúinn a shárghealltanais luachmhara, ar modh go mbeidh sibh páirteach sa nádúr diaga, agus go scarfaidh sibh le truailliú ó ainmhian an tsaoil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Tré a dtug sé dhúinn geallamhnacha ró mhóra morluáidh: ionnus go mbíadh thrítheadh so cumann aguibh ris a nádúir dhíagha, ar mbeith dhibh ag seachna an truáillidhe atá sa tsáoghal tré ainmhían.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n-ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n‑ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga.

Féach an chaibidil Cóip




2 Peadar 1:4
25 Tagairtí Cros  

Israelítigh, gur leo an uchtcacht, agus an ghlóir, agus na connartha, agus an dlighe, agus adhradh Dé, agus na geallamhnacha;


Dá mhéid iad geallamhnacha Dé, is ann atá an ’seadh: agus d’á bhrigh sin is tríd adeirtear Amén, chum glóire Dé trínne.


Acht sinne uile, ag dearcadh, mar bhéadh i scathán, ar ghlóir an Tighearna, gan folach bheith ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íomháigh chéadna ó ghlóir go glóir, mar bhéadh ó’n Tighearna an Spiorad.


D’á bhrigh sin, Tagaidh amach as a lár, Agus bidhidh ar deaghailt, Adeir an Tighearna, Agus ná bíodh aon bhaint agaibh leis an rud neamh‐ghlan; Agus glacfad chugam sibh,


Anois is d’Abracham agus d’á shliocht tugadh na geallamhnacha. Ní abrann sé, Agus do shliochtaibh, mar bhéadh mórán ann; acht gan acht sliocht amháin bheith ann. Agus dod’ shliocht, is é sin Críost.


Óir an té chuireas fá chómhair na colna, is truailleacht ó’n gcolainn bhainfeas sé; acht an té chuireas fá chómhair an Spioraid, is í an bheatha mharthannach bhainfeas sé.


nó go dtagaimís uile chum aondachta an chreidimh agus chum lán‐eolais ar Mhac Dé, chum staide duine lán‐fhásta,


agus ó tá an nua‐dhuine curtha umaibh agaibh, agus é d’á athnuadhadh i n‐eolas do réir íomháighe an té do chruthuigh é.


Óir is fíor gur smachtuigheadar‐san ar feadh beagáin laethe sinn mar thógradar féin; acht do smachtuigh seisean sinn mar mhaithe linn chum sinn do dhéanamh rannpháirteach ’n‐a naomhthacht.


Agus ar an adhbhar sin is idirmheadhóntóir connartha nua é, ar mhodh, de bhárr an bháis i n‐éiric ár gcionnta, do bhí fá’n gcéad chonnradh, go bhfaighidh na daoine do glaodhadh geallamhain na h‐oidhreachta síorraidhe.


Is í is fíor‐chráibhtheacht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, cuairt do thabhairt ar na dílleachtaibh agus ar na baintreabhachaibh i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoghal a thruailliú féin.


Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost:


Acht do réir a gheallamhna, atáimíd ag súil le neamh úr‐nua agus le talamh úr‐nua, ar a ndéanfaidh fíréantacht cómhnaidhe.


Ní dhéanann an Tighearna moill i dtaobh a gheallamhna, do réir tuairme daoine áirithe fá mhoill; acht atá sé foidhneach linn, de bhrigh nach mian leis go gcaillfidhe aoinneach, acht go dtiocfadh an uile dhuine chum aithrighe.


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an bheatha mharthannach.


A cháirde ionmhaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsigheadh fós créad atá i ndán dúinn. Atá a fhios againn, nuair foillseochar é, go mbéidhmíd cosmhail leis; óir chífimíd é do réir mar tá sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí