Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Peadar 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Go méaduightear grása agus siothcháin daoibh tré eolas Dé agus Íosa ár dTighearna:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Go méadaítear an grásta agus an tsíocháin in bhur n-eolas ar Dhia agus ar Íosa Críost ár dTiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Grása agus síothchain go ro líónmhar maille ríbh tré eólas Dé, agus Iósa ar Dtíghearna,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n-aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n‑aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna.

Féach an chaibidil Cóip




2 Peadar 1:2
18 Tagairtí Cros  

Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó.


Agus is í seo an bheatha shíorraidhe, aithne do bheith aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneach, agus ar an té do chuiris uait, Íosa Críost.


mar dhaoine le h‐Íosa Críost; chugaibh‐se uile atá san Róimh, ionmhain le Dia, do glaodhadh chum bheith ’n‐bhur naomhaibh, Grása agus síothcháin daoibh ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


Óir Dia d’órduigh do’n tsolas soillsiú as lár an dorchadais, do shoillsigh sé ’n‐ár gcroidheachaibh, chum solas glóire Dé do thabhairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost,


do toghadh do réir réamheolais Dé an tAthair, tré naomhú an Spioraid, chum umhlachta agus chum croithte fola Íosa Críost: Go méaduightear grása agus síothcháin daoibh.


ó tárla gur bhronn a chumhacht diadha gach éinnidh atá riachtanach do’n bheathaidh agus do’n diadhacht orainn, tré eolas an té do ghlaodh tré n‐a ghlóir agus tré n‐a shubháilce féin sinn;


Ar an adhbhar seo féin déanaidh lán bhur ndíchill, agus cuiridh subháilce le n‐bhur gcreideamh;


Óir má bhíonn na tréithe seo go líonmhar ionnaibh, ní leigfidh siad daoibh bheith leisceamhail, gan toradh, chum eolas d’fhágháil ar ár dTighearna Íosa Críost.


Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid.


Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén.


Go méaduightear trócaire, síothcháin agus grádh dhaoibh.


EOIN chum na seacht n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síothcháin daoibh ó’n té atá ann, agus do bhí ann, agus atá ag teacht; agus ó na seacht Spioraidibh atá os cómhair a righ‐chathaoireach;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí