Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Peadar 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 ó tárla gur bhronn a chumhacht diadha gach éinnidh atá riachtanach do’n bheathaidh agus do’n diadhacht orainn, tré eolas an té do ghlaodh tré n‐a ghlóir agus tré n‐a shubháilce féin sinn;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Bhronn a chumhacht dhiaga orainn gach uile ní a bhaineas le beatha agus le cráifeacht, tríd an eolas atá againn ar an té sin a thug cuireadh dúinn chun a ghlóire agus a shuáilce féin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Mar do thioghluic a chúmhachd díaghasan na huile neithe dhuinne bheanas ré beatha agus ré díaghachd, tré eólas an tí do ghoir sinn chum glóire agus súbhailce:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur air-sean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;

Féach an chaibidil Cóip




2 Peadar 1:3
39 Tagairtí Cros  

Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh.


An té nár spáráil a Mhac féin, acht thug suas ar son an uile dhuine againn é, nach mbronnfaidh sé gach uile nidh orainn i n‐éinfheacht leis?


is é sin dúinne, do ghlaodh sé, ní h‐é as na h‐Iúdachaibh amháin, acht as na Cineadhachaibh mar an gcéadna?


Atá Dia fírinneach, tré n‐ar glaodhadh sibh isteach i gcómhchumann a Mhic Íosa Críost ár dTighearna.


agus adubhairt sé liom, Is leor duit mo ghrása: óir is i laige nochtar mo chumhacht‐sa. Uime sin is móide dhéanfad mórtas as mo laige, chum go mbéidh cumas Chríost mar dhídean orm.


Uime sin, impidhim‐se, príosúnach ar son an Tighearna, impidhim oraibh bhur saoghal do riaradh mar ba chóir do dhaoinibh fuair an ghairm fuarabhair‐se, le gach umhlacht agus ceannsacht,


Ní fhuil ann acht an t‐aon chorp amháin, agus an t‐aon Spiorad amháin, fá mar glaodhadh sibh chum aon dóchais amháin bhaineas le n‐bhur ngairm;


Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost,


I ndeireadh scéil, a bhráithre, gach a bhfuil fíor, gach a bhfuil uasal, gach a bhfuil glan, gach a bhfuil ’n‐a dhíol grádha, gach a bhfuil fá dheagh‐chlú; gach subháilce, gach éinnidh atá ionmholta, gur ab ortha sin bhéas sibh ag smaoineadh.


óir is ann do cruthuigheadh gach nidh d’á bhfuil ar neamh agus ar talamh, idir neithe so‐fheicsiona agus neithe dofheicsiona, cia aca righ‐chathaoireacha, nó tighearnaisí, nó flaitheasa, nó cumhachta iad: is tríd‐sean agus chuige‐sean do cruthuigheadh iad go léir;


agus g’á impidhe oraibh siubhal mar d’oirfeadh dhaoibh i bhfiadhnaise Dé, do ghlaodh chum a ríoghachta agus chum a ghlóire féin sibh.


Óir ní chum neamh‐ghlaine do ghlaodh Dia sinn, acht chum naomhthachta.


Chuige sin is eadh do ghlaodh sé tré n‐ár soiscéal sibh, chum glóir ár dTighearna Íosa Críost d’fhágháil.


Agus déan cleachtadh ar an diadhacht: óir is beag an tairbhe atá i n‐aclaidheacht cuirp; acht atá tairbhe le h‐aghaidh an uile nidh san diadhacht, mar tá innti geallamhain na beathadh atá ann anois, agus atá le teacht.


do shaor, agus do ghoir le naomh‐ghairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníomhartha, acht do réir a rúin agus a ghrása féin, tugadh i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin,


Is é lonnradh a ghlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congbhuigheas gach uile nidh le chéile le briathar a chumhachta; nuair do bhí na peacaidhe glanta aige, do shuidh sé síos ar dheas‐láimh na Mórdhachta i n‐áirde;


acht ar shompla an té naomhtha do ghlaodh sibh, bidhidh‐se naomhtha mar an gcéadna ’n‐bhur n‐iomchar uile;


atá d’bhur gcumhdach le cumhacht Dé tré chreideamh fá chómhair slánuighthe atá ullamh le n‐a fhoillsiú ins an aimsir dheiridh.


Agus is chuige sin do glaodhadh sibh: de bhrigh gur fhulaing Críost féin ar bhur son, ag fágáil sompla agaibh, chum go leanfadh sibh a lorg.


Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin:


gan olc do dhéanamh i n‐éiric an uile, ná athcháineadh do thabhairt i n‐aghaidh cáinte, acht ’n‐a ionad sin, beannacht; óir is chuige sin do glaodhadh sibh, go bhfaigheadh sibh beannacht mar oidhreacht.


Agus Dia an uile ghrása, do ghlaodh chum a ghlóire féin i gCríost sibh, tar a éis daoibh fulang ar feadh tamaill bhig, foirbhfidh sé sibh, neartóchaidh agus daingneochaidh sé sibh.


D’á bhrigh sin, a bhráithre, déanaidh iarracht san mbreis ar bhur ngairm agus ar bhur dtoghadh do dhaingniú: óir ag cleachtadh na neithe seo dhaoibh, ní thuisleochaidh sibh choidhche:


Go méaduightear grása agus siothcháin daoibh tré eolas Dé agus Íosa ár dTighearna:


Ar an adhbhar seo féin déanaidh lán bhur ndíchill, agus cuiridh subháilce le n‐bhur gcreideamh;


agus eolas le subháilce; agus measardhacht le h‐eolas; agus foidhne le measardhacht;


Óir má bhíonn na tréithe seo go líonmhar ionnaibh, ní leigfidh siad daoibh bheith leisceamhail, gan toradh, chum eolas d’fhágháil ar ár dTighearna Íosa Críost.


Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid.


Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí