Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 26:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht, ar n‐a fheicsin sin do na deisceablaibh, d’éirigheadar mí‐chéadfach, g‐á rádh, Cad chuige an diomailt seo?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach bhí fearg ar na deisceabail nuair a chonaic siad é agus dúirt siad, “Cad chuige seo a chur amú?

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ar a fheiceáil sin dá dheisciobail, bhí fearg ortha, agus dubhairt siad: Cad chuige an cur amugha seo?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar na fhaicsin sin dá dheisciobluibhsean, do rinneadur mícheudfuidh, ag rádh, Créd da bhfoghnann an diombhoilsi?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair a chonaic na deisgiobuil san, bhí díombádh ortha, agus dubhradar: Cad chuige an bhásta so?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad;

Féach an chaibidil



Matha 26:8
12 Tagairtí Cros  

Agus nuair do‐chuala an deichneabhar é, d’éirigh siad mí‐shásta go mór leis an mbeirt dearbhráthar.


tháinig chuige bean ag a raibh crúsca alabastair agus uinneimeint an‐luachmhar ann, agus do dhoirt sí ar a cheann í, agus é ’n‐a shuidhe ag an mbórd.


Óir do b’fhéidir an uinnimeint seo do dhíol ar mhórán, agus a tabhairt do na bochtaibh.


Acht do bhí daoine ann adubhairt go míchéadfach eadortha féin, Cad chuige a ndéantar an diomailt seo ar an uinneimeint?