Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus nuair do‐chuala an deichneabhar é, d’éirigh siad mí‐shásta go mór leis an mbeirt dearbhráthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Agus nuair a chuala an deichniúr é, bhí fearg orthu leis an dís deartháireacha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Agus nuair a chuala an deichneabhar é, bhí fearg ortha leis an bheirt dhearbhráthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus an tráth do chúaladar an deichneabhar eile so, do bhí neimhchion aca ar an días dearbhráthar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus nuair airigh an deichniubhar é, bhí fearg acu chun na beirte drithár.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt deartháireacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt dearthár.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:24
13 Tagairtí Cros  

Adubhairt seisean leo, Ólfaidh sibh go deimhin an cupán ólfad‐sa: acht suidhe ar mo láimh dheis, agus ar mo láimh chlé, ní liom‐sa a thabhairt sin uaim, acht atá sé i ndán dóibh‐sean d’á bhfuil sé ceaptha ag m’Athair.


Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Tá a fhios agaibh go gcuireann tighearnaí na nGeinte fá smacht iad, agus go mbíonn forlámhas ag a ndaoinibh móra ortha.


Acht nuair thug Íosa fá deara sin, do bhí míchéadfadh aige ortha, agus adubhairt sé leo, Leigidh do na leanbhaibh beaga teacht chugam‐sa; ná cuireadh cosc leo: óir is le n‐a leithéidibh‐sin ríoghacht Dé.


Agus nuair do‐chuala an deichneabhar é, d’éirigh siad míshásta go mór le Séamas agus le h‐Eoin.


Agus d’fhreagair uachtarán na sionagóige, agus é go díombuidheach d’Íosa toisc leigheas do dhéanamh, lá na sabóide, agus adubhairt sé leis an sluagh, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do dhéanamh: tagaidh ar na laethibh sin go leigheasfar sibh, agus ná bidhidh ag teacht lá na sabóide.


Atá an grádh foighdeach, deaghchroidhtheach; ní ghlacann sé formad; ní dhéanann an grádh maoidhmheachas ná baothghlór;


gan éinnidh do dhéanamh tré mhian conspóide nó baothghlóire, acht le h‐umhlacht aigne measadh gach aoinneach gur fearr an duine eile ’ná é féin.


Acht má bhíonn searbh‐éada agus mian aighnis ’n‐bhur gcroidhe, ná bidhidh ag maoidheamh as, agus ná bidhidh ag labhairt bréige i n‐aghaidh na fírinne.


Ar an gcuma chéadna, cuireadh an t‐aos óg iad féin fá cheannas na seanóir. Bíodh an umhlacht mar chlúdach oraibh, óir cuireann Dia i n‐aghaidh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí