Matha 24:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) óir béidh cruadhtan annsin nach raibh a leithéid ann ó thosac an domhain go dtí seo, nach raibh, agus nach mbéidh arís go deoidh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar beidh anró mór ann an uair úd, nach raibh a leithéid ann ó thús na cruinne go dtí anois, agus nach mbeidh a leithéid ann arís choíche. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir béidh buaidhreamh mór ann an tráth sin, nach raibh a leithéid ann ó thús an tsaoghail go dtí anois, agus nach mbéidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír bíadh amhgar mór ann tráthsin, amhail nach raibh ann ó thús an domhain gus a nois, agus nach mbiaigh go bráth. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir beidh buaireamh mór an uair sin, ná raibh a leithéid ó thosach an domhain go dtí so, agus ná beidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo. An Bíobla Naofa 1981 mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo. |
Acht annsin, tar éis anró na laethe sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus tuitfidh na réaltana ó’n spéir, agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á suathadh:
Acht tabhraidh‐se aire dhaoibh féin: óir do‐bhéarthar sibh i bhfiadhnaise na gcómhairle; agus sciúrsálfar sibh i sionagógaibh; agus seasfaidh sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh.
Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus béarfar i mbraighdeanas iad ar fud na gcineadhach go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá chosaibh na bPágánach, go dtí go gcóimhlíonfar ré na bPágánach.
’g‐ár gcosc ar labhairt leis na Cineadhachaibh chum iad do shlánú; ag méadú a bpeacaidhe de shíor; acht atá dhíbheirg tagtha go h‐iomlán ortha.
agus do bhí teinteacha, agus glórtha, agus tóirneacha ann; agus do bhí crioth mór talmhan ann, crioth talmhan nach raibh a leithéid ann ó bhí daoine ar domhan, a uamhnaighe do bhí sé.
Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.