acht nuair do bhí na daoine ’n‐a gcodladh, tháinig a námhaid agus do chroith sé cogal i measc na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.
Matha 13:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair d’fhás an geamhar, agus thug sé toradh, annsin do‐chonnacthas an cogal, leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a dʼfhás an geamhar aníos agus a tháinig na diasa, nochtadh an cogal freisin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a d’fhás an geamhar, agus thug sé a thoradh, nocht an cogal é féin fosta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do fhás an geamhar agus tug sé a thoradh, ann sin do fhoillsigh an cogal é féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí an geamhar ag fás, agus an toradh ag teacht, do chonacthas an cogal leis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin. An Bíobla Naofa 1981 Tháinig an t‑arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin. |
acht nuair do bhí na daoine ’n‐a gcodladh, tháinig a námhaid agus do chroith sé cogal i measc na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.
Annsin tháinig na searbhóntaí chum fir an tighe, agus adubhradar leis, A dhuine uasail, nach síol maith do chuiris id’ ghort? Cad fá ndeara an cogal bheith ann mar sin?