Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.
Lúcás 5:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheacaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh agus siubhail? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cé acu is éasca a rá, ‘Tá do pheacaí maite duit,’ nó a rá, ‘Éirigh agus siúl romhat?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cé acu is fusa a rádh: Tá do pheacaidhe maithte duit, nó a rádh: Éirigh agus siubhal? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cia is usa, a rádh, A táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit; ná a rádh, Eirigh agus siobhail? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cé’cu is usa a rádh, Maithtear do pheacaí dhuit, nó a rádh, Eirigh ad’ sheasamh agus siubhluigh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cé acu is fusa a rá: ‘Tá do pheacaí maite duit’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’? An Bíobla Naofa 1981 Cé acu is fusa a rá: ‘Tá do pheacaí maite duit’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’? |
Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.
Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheachaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus siubhail?
Cia is fusa, a rádh leis an bhfear pairiliseach, Atá do pheacaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus tóg do leaba, agus siubhal?
Acht ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo. Cad chuige dhaoibh bheith ag ceasnú i n‐bhúr gcroidhthibh?
Acht chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ughdarás ag Mac an Duine ar talamh chum peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach), Adeirim leat, Éirigh, agus tóg do thocht, agus téirigh chum do thighe.