Agus do cheannuigh seisean brat línéadaigh, agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé sa mbrat línéadaigh é, agus do chuir sé isteach i dtuama do bhí gearrtha as carraig; agus d’iontuigh sé leac thar bhéal an tuama.
Lúcás 23:53 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, agus do chuir sé é i dtuama do bhí gearrtha i gcarraig, tuama nár cuireadh aon duine riamh roimhe sin ann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ansin thug sé anuas é agus dʼfhill taiséadach lín air, gur chuir é i dtuama a gearradh amach as an gcarraig, tuama nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghá tógáil anuas dó, chuach sé i línéadach é, agus chuir sé é i dtuamba a bhí gearrtha as carraig, agus nach raibh aoinneach curtha ann go dtí sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, Agus chuir sé i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh aoinne ann go dtí san, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin thóg sé anuas den chros é, dʼfhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh. An Bíobla Naofa 1981 Ansin thóg sé anuas den chros é, d'fhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh. |
Agus do cheannuigh seisean brat línéadaigh, agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé sa mbrat línéadaigh é, agus do chuir sé isteach i dtuama do bhí gearrtha as carraig; agus d’iontuigh sé leac thar bhéal an tuama.
Agus do bhí garrdha san áit ’n‐ar crochadh é; agus sa ngarrdha sin bhí tuama úr‐nua nár cuireadh duine riamh roimhe sin ann.
Agus nuair do bhí gach nidh do scríobhadh ’n‐a thaobh cóimhlíonta aca, do thógadar anuas é de’n chroich, agus do chuireadar i dtuama é.