Agus féach, tháinig bean Chanáníteach amach as na críochaic sin, agus do liúigh sí, g‐á rádh, Déan thrócaire orm‐sa, a Thighearna, a Mhic Dháibhi; atá m’inghean d’á ciapadh go millteach ag deamhan.
Lúcás 17:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus d’éigheadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, A Íosa, a Mháighistir, déan trócaire orainn. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dʼfhan siad ina seasamh tamall uaidh go ndúirt leis in ard a gcinn, “A Íosa, a Mháistir, bíodh trócaire agat orainn.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’árduigh a nguth, ag rádh: A Íosa, a Mháighistir, déan trócaire orainn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do árduigheadar a nguth, ag rádh, A Iósa, a Mhaighisdir, déana trócaire oruinn. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus labhair siad go hard dá rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” An Bíobla Naofa 1981 agus labhair siad go hard á rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” |
Agus féach, tháinig bean Chanáníteach amach as na críochaic sin, agus do liúigh sí, g‐á rádh, Déan thrócaire orm‐sa, a Thighearna, a Mhic Dháibhi; atá m’inghean d’á ciapadh go millteach ag deamhan.
Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi.
Agus is minic do chaith sí san teinidh é agus san uisce, le n‐a mhilleadh: acht má’s féidir leat‐sa é, déan trócaire orainn, agus fóir orainn.
Agus nuair do chonnaic sé iad, adubhairt sé leo, Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do na sagartaibh. Agus tharla, sa tslighe dhóibh, gur leigheasadh iad.
Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, A Mháighistir, Do bhíomar ag obair ar feadh na h‐oidhche, agus níor thógamar éinnidh; acht cheana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amach an líon.