Ná tabhraidh an nidh naomhtha do na madraibh, agus ná caithidh bhúr bpéarlaí i láthair na muc, ar eagla go ngabhfaidís de chosaibh ortha, agus go n‐iompóchaidís agus go réabfaidís as a chéile sibh.
Lúcás 15:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ba mhian leis a sháith d’ithe de na féithleogaibh dh’itheadh na muca, agus ní thug aon duine rud dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí fonn air bheith beo ar na faighneoga a bhí mar bhia ag na muca; agus gan déirc le fáil aige ó aon duine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhíodh dúil aige a bholg a líonadh leis na folaigheoga a d’itheadh na muca, agus ní thabharadh aoinneach dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus bá mhian leis a bhlog do Líonadh do na féithéoguibh do na muca: agus ní thugadh éanduine dhó íad. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus ba mhaith leis a bholg a líonadh de sna féithleógaibh a dh’itheadh na muca, agus ní thabharfadh aoinne dhó iad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a dʼitheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad. An Bíobla Naofa 1981 Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d'itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad. |
Ná tabhraidh an nidh naomhtha do na madraibh, agus ná caithidh bhúr bpéarlaí i láthair na muc, ar eagla go ngabhfaidís de chosaibh ortha, agus go n‐iompóchaidís agus go réabfaidís as a chéile sibh.
Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé ar aimsir le duine de lucht áitreibh na tíre sin; agus do chuir seisean amach é fá’n tír ag buachailleacht muc.
Acht nuair do chruinnigh sé a mheabhair, adubhairt sé, Nach iomdha searbhónta atá ag m’athair agus breis agus a ndóthain aráin aca, agus mise annso ag fágháil bháis le h‐ocras!